gaoluinn

scríbhinní ⁊ deocháin do chuallucht na Gaelainne

ar aghaidh

Croí Mhúsgraí: tacar meiteashonraí don gcartlannaíocht i saol na Gaelainne agus na Gaelthachta

Údar: Mícheál Mac Lochlainn, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Iarna fhoíllsiú: 21ú Mí Deire' Fómhair 2014.

Eochairfhocail

meiteashonraí, cartlann digiteach, cartlannaíocht, Gaelainn, Gaelthacht, teangacha ceilteacha.

Réamhrá

Déanann an t-alth so cur síos ar thacar meiteashonraí a fhorbraíos le húsáid i gcomhair cnósaigh cartlainne a tháinig i dtoll a chéile i dtímpeallachtaí Gaelthachta agus Gaelainne.

Cleachtadh íntleachtúil is ea an tacar meiteashonraí seo. Deocrachtaí áirithe a bhaineann le húsáid tacar meiteashonraí réamhdhéanta chun chnósaigh Gaelthachta / Gaelainne a bhainistiú do spreag me chun tabhairt fé.

Do chuireas romham an tacar meiteashonraí seo a shíneadh amach do réir dea-struchtúr agus dea-phriúnsabal eolaíocha. Mar sin féin, d'oir dhom go mbeadh sé inúsáidte acu súd (gnáth-bhaíll an phobail agus scoláirí ar aon) ná fuil sainscil acu i réimse na cartlannaíochta, ach go bhfuil abhar cartlainne acu is go n-oireann dóibh é a chur ar fáil don bpobal i riocht cartlainne digití.

Do dheineas iarracht an tacar meiteashonraí a shaibhriú le réimse insínte míreanna faisnéise, go bhfuil san áireamh ann meiteashonraí um chur síos, um struchtúr, um riarachán agus um chaomhnú.

Do theastaigh uaim go dtabharfadh an tacar meiteashonraí an ceart don chnósach, don t-é a chnós an chéad lá é agus don ghné teangan go háirithe.

Croí Mhúsgraí athá air. Leagan 1.0 dhe athá á chur i láthair anso.

Croí Mhúsgraí lasmuigh de Ghaelthacht agus de Ghaelainn na hÉireann

Cé gur dearadh Croí Mhúsgraí i gcomhair cartlannú cnósach i saol na Gaelthachta agus na Gaelainne in Éirinn, is dócha go bhféadfaí í a chur in oiriúint do mhionteangacha eile (teangacha Ceilteacha ar nós Ghaelainn na hAlban, Ghaelainn Mhanann, na Breatnaise, na Cornaise agus na Briotánaise go háirithe), ach a rannóg um theanga dhaonna a shíneadh do réir mar is cuí.

Cúspóirí Chroí Mhúsgraí

Mo chuid cúspóirí, go sonrach, is an tacar meiteashonraí seo agam á shíneadh amach:

  1. Go mbeadh sé oiriúnach le húsáid le gach saghas cnósaigh agus gach saghas taifead cartlainne.
  2. Go n-iúmpródh sé faisnéis bheacht i dtaobh stóráil na dtaifead.
  3. Go mbeadh rialacha dochta ag baint lena úsáid.
  4. Go mbeadh struchtúr docht air ach go mbeadh an struchtúr so insínte.
  5. Go gcuirfeadh sé d'fhiachaibh ar lucht riartha na cartlainne an cnósach a innéacsú go cruínn is go soiléir.
  6. tabharfadh sé cead do lucht riartha na cartlainne faisnéis éiginnte a chur leis na meiteashonraí, ná bearnaí a chothódh éiginnteacht d'fhágaint iontu.
  7. Go dtabharfadh sé an ceart don duine nú don eagras a chnós an cnósach an chéad lá.
  8. Go dtabharfadh sé an ceart do gach taifead sa chnósach agus don chnósach trí chéile.
  9. Go dtabharfadh sé an ceart don ghné teangan den gcnósach.
  10. Go mbeadh sé inúsáidte age daoine nách saineolaithe iad (ach bunchumas cuí bheith iontu, gan dabht).

Croí Mhúsgraí: cúlra agus réasúnaíocht

Caighdeáin meiteashonraí chomónta

Roinnt mhaith caighdeán comónta meiteashonraí, dá híldánach iad, teastaíonn am, acfainn agus sainscil chun iad a chur in oiriúint do chnósaigh ┐ taifid áirithe. Teipeann ar an gcur in oiriúint seo ar uairibh (féach ar Taylor (2010) (tag)). Cuid eile acu, dá fheabhas iad, do réitíodh iad i gcomhair sain-úsáid nách bhfreastlaíonn ar na cúspóirí athá tabhartha agam sa réamhrá.

Mar sin féin, ca' 'na thaobh go réiteodh duine caighdeán nua meiteashonraí, agus gort na cartlannaíochta breac leo cheana? Mar a deir Cox, Tadic agus Mulder (2006:41) (tag) i dtaobh meiteashonraí i ngort na teilifíse:

The fact that there are so many "standards" could imply that there aren't any standards; there isn't one data structure that all users follow. Users tend to select what is best for their purposes, often picking and choosing between the structures to create their own internal standard.

Ní fheadar an breithiúnachas de facto é an farasbarr caighdeán so i dtaobh easpa éigint sna caighdeáin féinig nú an breithiúnachas é i dtaobh feallsúnacht an one size fits all ach tugann sé le fios gur fearr uirlis fé leith a úsáid i gcomhair obair fé leith ar uairibh. Is tábhachtaí ar fad é an rud athá á léiriú do réir caighdeáin ná an caighdeán féin. Tugann Croí Mhúsgraí tús-áite don gcnósach i gcomhthéacs na gcúspóirí thuasluaite; tá sí so-lúbtha ach ní bhrúann sí teibiú, símplú ┐ dúrú ar an gcnósach ar son ídéal éigint um theoiric na cartlannaíochta. Rud a spreagann ceist dosheachanta mar le...

Dublin Core

Ní féidir liom bogadh ar aghaidh go dtuga me aghaidh ar thacar meiteashonraí Dublin Core. Buachaill bán faisiúnta na cartlannaíochta digití is ea é seo agus baineann an saol is a mháthair úsáid as. Tá sé chomh símplí sin (níl aige ach cúig bhunréimse dhéag) agus chomh so-lúbtha san (tá gach ceann des na réimsí seo roghnaitheach ┐ in-athúsáidte agus níl ord ag baint leo), cé a thréigfeadh é i bhfabhar caighdeáin meiteashonraí eile — caighdeán baile go háirithe?

Seod iad na gnéithe dhe nách dtainneann liom:

Ní cadhan aonair ach an oiread me, ag eitilth i ngcoinnibh na healtha. Ní thabhrfad mionchur síos dem chuid féin ar laigí Dublin Core mar tá an t-abhar san pléite go deaslabhartha cheana age lithéidí Taylor (2010) (tag) agus Clarke (1997) (tag) (féach ar an gcuid seo de Chlarke go háirithe).

Ina dteannta so, tagraím do DeRidder (gan dáta) (tag):

The strength of Dublin Core is its simplicity... However, blessings and curses are two sides of the same coin. Because it is so simple, there are a wide variety of interpretations and variations in what is put into each element.

Agus don liosta mí-bhuntáistí a d'aithin an Library of Congress (2008) (tag):

Mar is léir ar an méid seo, cothaíonn an farasbarr saoirse is an teirce doichte seo amhras, deocrachtaí agus cuíoscar i measc lucht na cartlannaíochta agus na leabharlannaíochta. Pacáiste feistiúcháin meiteashonraí is ea Dublin Core, ar slí; ní foláir í chur i dtoll a chéile chun í úsáid. Is deabhraitheach gur féidir leis an nduine oílthe an triail seo a shárú go poínte (féach ar Taylor (2010) arís) ach níor ghá go bhfuil an sainscil ná an t-am ag scoláirí i ndisiplíní eile, gan trácht orthu san ná fuil baint acu le goirt a' léinn agus na teicneolaíochta, chun tabhairt fé seo.

In éaghmais na beaichte, a dó is a dó, sin a ceathair — ach a dó is a dó, sin a fiche 's a dó leis.

An ghné dhaonna den gcartlannaíocht dhigiteach

Tugaim fé ndeara nách leis an ngné theicniúil den gcartlannaíocht dhigiteach go mbaineann roinnt des na deocrachtaí leanúnacha ach leis an ngné dhaonna. Ní le dro'mheas go ndeirim san. Déanann daoine a ndícheall leis an scil athá acu, leis an eolas athá acu, leis an acfainn athá acu ins an am athá acu. Ní cáineadh atha tuíllthe acu ach tacaíocht.

Is minic tionscadail phobal-bhunaithe cartlannaíochta á rith ar neart dea-thola agus díograis ach ar beagán acfainne. Bíd buiséid tanaí agus foirne oílthe tearc. Fagann san oibrithe deonacha, scéimeanna fostaíochta, cairde carad agus mar sin do... Bíonn an oibrí fonnmhar ach bíonn an scil fann. Agus (cé gurb fhearr liom an tsíor-dhíospóireacht um an dá chulthúr do sheachaint) is amhlaidh, ar uairibh, go dtugann scoláirí na ndaonnachtaí fé thionscadail chartlannaíochta is gan greim acu ar dhea-chleachtais eolaíocha um shíneadh amach, stóráil agus seachadadh faisnéise ar ardáin leictreonacha.

Castacht, cruinneas, doichte, beaichte, cur chuige eolaíoch agus tuiscint ar an ardán seachadta na nithe is mó a chuireann triail roim an oibrí neamh-oílthe is dócha. Samplaí fánacha:

Castacht
Neamhaird á tabhairt ar chastacht athá i mianach cnósach (seochas dul i ngleic léi ar bonn eolaíoch). Struchtuir shímplithe meiteashonraí á bhforchuir orthu. Faisnéis ceilthe nú curtha i ndoiléireacht dá dheascaibh.
Cruinneas
Luachanna athá cosúil lena chéile meascaithe, cé go dtagraíd siad d'aonáin éagsúla:
  • 'Mícheál Ó Flatharta'
  • 'Mícheál Ó Flaithearta'
  • 'Mícheál Ó Flaithbhearta'
Luachanna athá éagsúil óna chéile ag tabhairt le fios go bhfuil aonáin éagsúla ann, cé go dtagraíd siad don aonán céanna:
  • 'Johnny Chóil Mhaidhc'
  • 'Seán Ó Coistealbha'
Doichte
Sonraí á dtaifeadadh i bhfoirmeacha nea'rialtha:
  • 'Tadhg Ó Rodaí'
  • 'Ó Rodaí, Tadhg'
  • 'T. Ó Rodaí'
  • 'Ó Rodaí T.'
  • 'Timín'
Éiginnteacht um luachanna neamhnitheacha:
  • 'ní hann do'
  • 'pioc'
  • 'dada'
  • '-'
  • '0'
  • 'n/b'
  • loime
Beaichte
Gan idirdhealú soiléar idir rudaí ná fuil ann ('ní hann do') agus easpa eolais i dtaobh iad bheith ann nú gan bheith ann ('anaithnid').
Gan (dóthain) luachanna cuí bheith ceadaithe do mhíreanna faisnéise ('Gaeilge' amháin tabhartha mar rogha teangacha abair, agus Gaelainn na hÉirinn, Gaelainn na hAlban ┐ Gaelainn Oileán Mhanann sna taifid).
Cur chuige eolaíoch
Míreanna faisnéise claochlaithe agus fágtha mí-chruínn de dheascaibh aineolais nú easpa machnaimh (Cnoic an Iúir > Cnoc an Iúir; go háirithe > ach go háirithe; Gay Byrne > Gabriel Byrne).
Easpa tuisceana i dtaobh an léiriú digiteach mar chóip chaomhnaithe. Cóip sroisiúna, ar caighdeán íseal, de thoradh an phróiseas digitithe, cé go bhféadfaí cóip ar ard-chaighdeán a dhéanamh gan puínn dua breise. (Agus an méid chéanna caithimh agus láimhseála fáltha ag an mbuntaifead.)
Tuiscint ar an ardán seachadta
Faisnéis á cur síos is á síneadh amach ar slí a athá an-oiriúnach don leagan clóbhuailthe ach ana-mhí-oiriúnach don leagan ar líne. (Gan eochairfhocail bheith scaipithe go straitéiseach tríd an téacs is i gceannteidil mar shampla; easpa feiceálachta in innill chuardaigh dá dheascaibh.)
Modh-eolaíochtaí an leagain chlóbhuailthe á n-úsáid i bhfabhar modh-eolaíochtaí an leagan ar líne. (Cuardach agus innéacsú dinimiciúil á seachaint i bhfabhar innéacsaithe stataigh. Nodaireacht fhísiúil, neamh-shéimeantach a chuireann fearas sroisiúna amú agus mar sin do... Feidhm na cartlainne digití srianta dá ndeascaibh.)
Easpa tuisceana i dtaobh an fheidhm atha ag innill chuardaigh. Caitheamh le Google mar chuid inmheánach den gcartlann dhigiteach; feidhm agus faisnéis ar iarraidh ón láithreán ar an mbunús go líonfaidh Google an bhearna. Cartlann ar líne ná fuil iomlán inti féin dá dheascaibh.
Áiseanna tríú-páirtí ar nós You Tube á n-úsáid chun abhar ílmheán a sheachadadh, is gan aird á tabhairt ar ímpleachtaí mar le nithe ar nós bhainistiú comhad agus cúlthaca (agus cearta airiú). Máistirchóipeanna léirithe digiteacha scaoílthe i ndearúd nú caillthe dá thoradh (indíreach). Cartlann ar líne ná fuil iomlán inti féin.

...agus mar sin de.

Ní slat draíochta ar na deocrachtaí seo í Croí Mhúsgraí ach is féidir í úsáid chun smacht a chur ar chuid acu:

Is beag de mhaith an méid seo, gan dabht, mara gcuirtar rialacha Chroí Mhúsgraí i bhfeidhm go docht daingean, is mara gcuirtar i bhfeidhm córais deimhnithe, athbhreithnithe agus faofa sonraí.

Struchtúr Chroí Mhúsgraí go hachomair

Míreanna meiteashonraí do réir rannóige.

Teidil agus aitheantóirí
Aitheantóir uathúil an taifid (riarachán)
Bunteideal an taifid (cur síos)
Teideal cartlainne an taifid (riarachán)
Bunfhaisnéis
Achoimire ar an dtaifead (cur síos)
Liosta míreanna scoite de chuid an taifid, más ann dóibh (struchtúr)
Nótaí ginearáltha mar leis an dtaifead (cur síos)
Leid i dtaobh caighdeán an taifid (caomhnú)
Suíomh taisce an taifid (caomhnú)
Eisintí
Príomheisint an taifid (cur síos)
Buneisintí an taifid (cur síos)
Buneisintí athá ar iarraidh ón dtaifead (caomhnú)
Digitiú
Ar réitíodh léiriú digiteach den dtaifead ar caighdeán cartlannaíochta / caomhnaithe? (caomhnú)
URLanna chóipeanna sroisiúna an taifid (caomhnú)
URL mháistirchóip an taifid (caomhnú)
Cumadh / Cruthnú
An dáta ar cumadh an taifead (riarachán)
An t-aonán do chúm an taifead (riarachán)
Seilbh, cóipcheart agus cearta
An t-aonán gur leis / na haonáin gur leo an taifead (riarachán)
An t-aonán gur leis / na haonáin gur leo an chóipcheart sa taifead (riarachán)
Faisnéis i dtaobh cearta eile a bhaineann leis an dtaifead (riarachán)
Eochairfhocail
Eochairfhocail Gaelainne (cur síos)
Eochairfhocail Bearla (cur síos)
Teanga dhaonna
An bhfuil Gaelainn dhúchasach sa taifead? (cur síos)
Gaelainn dhúchasach athá sa taifead, do réir cuige (cur síos)
Gaelainn dhúchasach athá sa taifead, do réir cúndae (cur síos)
Gaelainn dhúchasach athá sa taifead, do réir ceantair áitiúil (cur síos)
Treas-scríbhinn
Treas-scríbhinn den dtaifead, más ann di (cur síos)
An treas-scríbhinn iomlán den dtaifead í an treas-scríbhinn, más ann di? (cur síos)

mionchur síos ar Chroí Mhúsgraí 1.0 ar an gcéad leathanach eile.

ar aghaidh