gaoluinn

scríbhinní ⁊ deocháin do chuallucht na Gaelainne

Músgraí Ord Postaí ar Leathanaigh Chatagóra WP — Breiseán Chun Smacht a Bhreith ar an Órd ina mBíonn Postaí á Liostáil ar Leathanaigh Chatagóra

Údar: Mícheál Ó Lochlainn, Áras Shorcha Ní Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Iarna fhoíllsiú: 2na Mí 'n Mhárta 2016.

This page in English.

Eochairfhocail

WordPress, breiseán, Deais, postaí, ord na haibítire.

Réamhrá

Níl mórán le rá mar leis an mbreiseán so.

Liostálann WordPress cos-nochtaithe postaí ar leathanaigh chatagóra in órd iar n‑uair. Tá ciall leis seo nuair athá sé á úsáid mar ardán bleagála nú chun abhar a fhoíllsiú gurb ionann ord a chruthnaithe agus an t‑ord sroisiúna is úsáidí.

Ach úsáidtar WordPress i gcomhair gach saghas foíllseacháin Gréasáin. Lasmu' de shaol na bleagála, is dócha gur áisiúla (agus gur comónta) ar fad é ord na haibítire chun iúntrálacha ' liostáil. Cuireann Músgraí Ord Postaí ar Leathanaigh Chatagóra WP D'fhéachaibh ar WordPress é sin do dhéanamh.

Músgraí Ord Postaí sa Deais WP

Aon is a haon is ea an breiseán so le Músgraí Ord Postaí sa Deais WP, a dhéanann an rod ceanann céanna ach go ndéanann sé é i nDeais an láithreáin seochas sa radharc phoiblí. An t‑é nú an t‑í go dteastaíonn ceann acu uathu, seans maith do dteastaíonn an peidhre.

Creidiúint agus aitheantas

I gCodex WordPress a fuaras na coda tábhachtacha de chód an bhreiseáin seo agus is ag údair an Chodex athá gach creidiúint tuíllthe.

Níl agam-sa déanta ach iad a dhortadh isteach i bhfráma breiseáin. Fé GPLv2 do foíllsíodh an bunchód agus, do réir na dtéarmaí agus na gcoinníol, cuirim mo chuid-se mionathruithe ar fáil fén gceadúnas chéanna.

Íoschóipeáil Músgraí Ord Postaí ar Leathanaigh Chatagóra WP

Suitáil Músgraí Ord Postaí ar Leathanaigh Chatagóra WP

Níl le déanamh ach an chomhadlann músgraí-ord-postaí-leathanaigh-chatagóra-wp do bhaint as an gcomhad tar.gz nú zip. Uaschóipeáil í go comhadlann breiseán WordPress, gníomhaigh mar is gnáthach agus b'shin shin. Níl aon tsocaruithe ann, ná clár riaracháin.

Ord aisiúmpaithe aibitire

Níl sa mbreiseán so ach an t‑aon chomhad amháin: músgraí-ord-postaí-leathanaigh-chatagóra-wp.php. Má hoireann doit postaí a liostáil sa Deais in ord aisiúmpaithe aibitire, agus má thánn tú ar do chúmpord ag útamáil i bputógaibh an chomhaid sin, téir go líne 50 is athraigh $query->set('order','ASC'); go $query->set('order','DESC');.